Foirm Iarratais

Scrúdú iontrála samplach

Eolas do mhic léinn 2011-12

Sean-pháipéir scrúdaithe

Stage le Gaeilge sa Chomhairle

Stage sa Choimisiún

Stage sa Chúirt

Stage le Gaeilge sa Centre de Traduction

An tAontas Eorpach

An Coimisiún Eorpach

An Chomhairle

An Chomhairle Eorpach

Liosta Áiseanna

Foinsí an Aistritheora

Scrúduithe samplacha EPSO

Deiseanna taithí oibre sa Choimisiún Eorpach

Gailearaí

 

 

 

AR MHAITH LEAT DÚSHLÁN NUA?

AR MHAITH LEAT POST MAITH LE DEIS DO CHUID GAEILGE A ÚSÁID?

Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil

Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil

Aidhm na gCúrsaí: De bhrí gur teanga oifigiúil den Aontas Eorpach í an Ghaeilge, beidh institiúidí na hEorpa ag earcú dlítheangeolaithe agus aistritheoirí dlíthiúla nach foláir dóibh ardleibhéal scileanna Gaeilge a bheith acu. Beidh na poist seo ar fáil i bParlaimint na hEorpa, sa Choimisiún Eorpach, agus sa Chomhairle – agus beidh tuarastal agus coinníollacha oibre den scoth i gceist

Is ag aistriú reachtaíochta agus cáipéisí oifigiúla eile a bheas na haistritheoirí dlíthiúla. Is é an príomhchúram a bheidh ar na dlítheangeolaithe a cheapfar ná dréacht-dlíthe atá aistrithe go Gaeilge a scrúdú ó thaobh chruinneas teanga agus chruinneas dlí de. Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí seo na rannpháirtithe a ullmhú do na scrúduithe iontrála a reáchtálfar chun na folúntais thuasluaite a líonadh.

Riachtanais iontrála:Tá na cúrsaí seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa acu (grád A sa pháipéar onóracha Gaeilge san Ardteistiméireacht, cuir i gcás). Caithfidh scileanna maithe ríomhaireachta a bheith ag iarrthóirí chomh maith. Bíonn ar gach iarrthóir dul faoi thástáil teanga. Ní ráthaíocht é pas a fháil ar áit a fháil ar an gcúrsa. Roinntear na háiteanna ar na cúrsaí ar bhonn fiúntais.

De bhreis air sin, teastaíonn céim sa dlí a fhianaíonn staidéar ollscoile de thrí bliana ar a laghad, nó a choibhéis, nó cáilíocht iarchéime sa dlí, nó a bheith cáilithe mar abhcóide nó aturnae in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe don chúrsa dlí-theangeolaithe. Ní foláir fianaise maidir leis an gcáilíocht dlí a léiriú chun sástacht Óstaí an Rí le trascríbhinn torthaí.

Dátaí: Reáchtálfar an chéad chúrsa eile ó Dheireadh Fómhair 2011-Bealtaine 2012. Reáchtálfar an scrúdú iontrála chuige sin.

Tuilleadh eolais ó Dháithí Mac Cárthaigh BL: dmaccarthaigh@kingsinns.ie

Nóta tábhachtach: Ní féidir le hÓstaí an Rí aon ráthaíocht a thabhairt go n-éireoidh leis na rannpháirtithe poist a bhaint amach mar dhlítheangeolaithe nó mar aistritheoirí dlíthiúla tar éis dóibh na cúrsaí a chríochnú.

Cuireann an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta tacaíocht airgeadais ar fáil don dá chúrsaí seo.

 

 

 

 


 
 
   
 
Disclaimer
  |  Webmaster  |  Webmail
© King's Inns, Henrietta St, Dublin 1, Ireland
t : + 353 1 874 4840   f : + 353 1 872 6048   
e : info@kingsinns.ie