News Stories

Events: 20 May 2022

Foras na Gaeilge to host its closing events of the Colmcille 1500 Celebrations at King’s Inns

Foras na Gaeilge to host its closing events of the Colmcille 1500 Celebrations at King’s Inns

GA: 1,500 bliain ó shin a rugadh Naomh Colmcille agus tá imeachtaí ar fud na hÉireann agus thar lear eagraithe ag Foras na Gaeilge chun an dáta a chomóradh. Tionscnaíodh go leor coimisiún agus tionscadal agus tugadh chun críche iad, imeachtaí a cheangail Gaeil Éireann agus Gaeil Alban le chéile chun gnéithe éagsúla d’oidhreacht an naoimh a cheiliúradh.

Tá go leor fós le tarlú sula gcuirfear deireadh oifigiúil le Colmcille 1500 ag ócáid cheiliúrtha ar an Déardaoin, Meitheamh 9, in Óstaí an Rí.

Cuimhnítear i gcónaí ar an–chuid gnéithe de shaol an naoimh; is cuid den bhéaloideas é agus eolas maith againn ina thaobh ón mbeathaisnéis a scríobh a chomharba, Naomh Adomnán, an Vita Columbae. Anuas air sin, is pearsa thábhachtach é Naomh Adomnán i stair an dlí: thug an dlí a scríobh sé sa bhliain 697, Cáin Adomnáin, cosaint do mhná, pháistí agus neamhthrodaithe.

Is eol dúinn go maith san aois fhoréigneach ina mairimid go mbíonn mná is páistí go minic sa bhearna bhaoil agus is cuid de Choinbhinsiún na Ginéive anois í gaois Adomnáin. Moltar Colmcille chomh maith as seasamh leis an mbantracht agus is sa chomhthéacs sin is mian linn an dís a mhóramh.

EN: Foras na Gaeilge has been celebrating 1,500 years since the birth of St. Colmcille (Columba) with events all across the island and further afield. Many projects and commissions were initiated and brought to fruition, events which linked the Gaels of Ireland and Scotland, all celebrating various aspects of Colmcille’s legacy.

There is much yet to happen before the official ending of the Colmcille 1500 celebrations on Thursday, June 9, with a special Irish–language event at King’s Inns.

Various aspects of the saint’s life are still part of the living folklore, thanks to the biography written by his successor, St. Adomnán, Vita Columbae. In addition, Adomnán himself is a figure of note in legal history as his law, written in 697, Cáin Adomnáin, gave protection to women, children and non–combatants.

As we see in our own turbulent age, women and children are frequently in the line of fire in belligerent times and Adomnán’s wisdom is now enshrined in the Geneva Convention. Colmcille himself is famed for his progressive stance on women, and we wish to remember Adomnán and Colmcille in this context.

I dtaobh an cheiliúrtha / About the celebrations 

GA: 1500 bliain ó shin, i nGartán i nDún na nGall, is ea a tháinig duine de mhór–Ghaeil na tíre seo ar an saol. Samhlaítear le hIar–Thuaisceart na tíre seo i gcónaí é, ach dhein sé cosán cultúrtha agus sóisialta dó féin a thuill cáil dó ar fud an domhain. Duine de thriúr Naomhphátrún na hÉireann é Naomh Colmcille (Columba), Naomh–Phátrún Dhoire, agus braitear a thionchar i gcéin is i gcóngar.

Tugann Colmcille 1500 deis dúinn chun machnamh a dhéanamh ar oidhreacht iontach an naoimh, mórphearsa i stair na hÉireann, nasc luachmhar idir Ghaeil i ngach Gaeltacht, in Éirinn agus in Albain, nasc nár briseadh riamh.

Comhpháirtíocht is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bòrd na Gàidhlig in Albain; cothaíonn sé cumarsáid agus comhoibriú idir Ghaeil ón dá phobal.

Tuilleadh eolais i dtaobh na n–imeachtaí ceiliúrtha: colmcille.net.

EN: 1500 years ago, one of Ireland’s most famous sons was born in Gartan, Co. Donegal. With strong roots in the North West of Ireland, Colmcille (or St. Columba) went on to blaze a trail of cultural and social change around the world. He became one of Ireland’s three patron saints, the patron saint of Derry and his influence extends to this day.

Colmcille 1500 provides an opportunity to reflect on the extraordinary legacy of a unique figure in Irish history who forged closer ties between the Gaels of Ireland and Scotland, ties which continue to endure today.

Colmcille is a partnership between Foras na Gaeilge in Ireland and Bòrd na Gàidhlig in Scotland: it fosters communication and collaboration between the Scottish Gaelic and Irish Gaelic language communities. 

Further information about the celebrations can be found at colmcille.net.

Maidir leis na himeachtaí in Óstaí an Rí / About the event at King’s Inns

GA: Dáta agus am: 7 pm Déardaoin, 9 Meitheamh, 2022

Ionad: Proinnteach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath 7

Déanfaidh Breitheamh san Ard–Chúirt, Cian Ferriter, plé ar an tábhacht a bhaineann leis an dlí ón 7ú haois, Cáin Adomnáin, leis an staraí mór le rá, an Dr. Brian Lacey.

Ina dhiaidh sin, cloisfear ceol a coimisiúnaíodh go speisialta don ócáid ó Úna Monaghan, cumadóir agus cruitire.

Is í an Ghaeilge a bheidh mar meán na n–imeachtaí.

EN: Date and time: 7 pm on Thursday, June 9, 2022

Venue: King’s Inns Dining Hall, Constitution Hill, Dublin 7 

The Hon. Mr Justice Cian Ferriter, a Judge of the High Court, will discuss the significance of the 7th–century law Cáin Adomnáin with renowned historian Dr Brian Lacey. 

A live performance of a work of commissioned music from harper–composer Úna Monaghan will follow.

This event will be delivered in the Irish language. 

Clárú / Registration

GA: Fáilte roimh mhic léinn, bhaill, alumni agus fhoireann Óstaí an Rí.

RSVP le do thoil roimh 5 pm, Déardaoin, 2 Meitheamh, chuig colmcille@forasnagaeilge.ie

EN: All students, members, alumni and staff of King’s Inns are invited to attend. 

Please RSVP by 5 pm on Thursday, June 2, to colmcille@forasnagaeilge.ie