News Stories

Members: 19 September 2016

Deiseanna oideachais, oiliúna agus oibre

Deiseanna oideachais, oiliúna agus oibre

Tá roinnt bheag áiteanna fós ar na cúrsaí seo i gcomhair 2016–17

Le dul ag obair leis an Aontas Eorpach:

Ard–Dioplómaí sa Dlítheangeolaíocht / san Aistriúchán Dlíthiúil

Earcóidh institiúidí an AE os cionn 100 aistritheoir dlíthiúil le hardleibhéal scileanna Gaeilge as seo go deireadh 2021 – Obair sa Bhruiséil agus i Lucsamburg – Tuarastal agus coinníollacha den scoth: €4k+ glan sa mhí. Os cionn 30 dlítheangeolaí (daoine oilte sa Dlí agus sa Ghaeilge) le h–earcú sa tréimhse chéanna ar €5k+ glan sa mhí.

Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí seo na rannpháirtithe a ullmhú do scrúduithe earcaíochta an AE. Reáchtáiltear na ranganna gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm–9pm. Reáchtáiltear ranganna dlí agus seiminéar ar earcaíocht san AE thar cúpla deireadh seachtaine. Dlí–theangeolaíocht/Aistriúchán Dlíthiúil

 

Le dul ag obair le Gaeilge ag baile:

Ard–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge

Cuimsítear cúrsaí sibhialta agus coiriúla, dréachtú, abhcóideacht, comhchomhairle agus idirbheartaíocht. Reáchtáiltear bréagchúirteanna agus trialacha bréige mar dhlúthchuid den chúrsa agus neart deiseanna am a chaitheamh ar do chosa chomh maith le cleachtanna sa dréachtú agus sa téarmaíocht. Cuirtear béim ar na ceantair chleachtais ina ndéantar obair trí Ghaeilge.

Múintear gné an Dlí den chúrsa thar 6 dheireadh seachtaine: tráthnóna Aoine agus Dé Sathairn ag tosú an 11–12 Samhain 2016 agus ag críochnú le scrúduithe an 8 Aibreán 2017. Múintear gné na teanga gach tráthnóna Luain 18:00–21:00 ón 10 Deireadh Fómhair 2016 go dtí an 23 Eanáir 2017 le rang breise an 25 Eanáir 2017. Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge

 

Scrúduithe iontrála do na cúrsaí ard–dioplóma seo:

Teastaíonn céim leibhéal 8 ar a laghad agus caighdeán maith Gaeilge idir labhairt agus scríobh (B2 TEG). Ní foláir d’iarrthóirí an leibhéal seo cumais a léiriú go sásúil i scrúdú iontrála a reáchtálfar in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1.

Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais: daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie

087 236 8364; 01 817 5251

Cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht ar fáil do na cúrsaí seo.