News Stories

Education: 30 October 2019

An Turas Staidéir chuig Institiúidí an Aontais Eorpaigh an 21–23 Deireadh Fómhair 2019

An Turas Staidéir chuig Institiúidí an Aontais Eorpaigh an 21–23 Deireadh Fómhair 2019

Bhí ár dturas staidéir go dtí an Bhruiséil agus Lucsamburg fíor–ghnóthach. Bhíomar ar an mórthír ar feadh trí lá. D’fhreastalaíomar ar an–chuid cur i láthair in áiteanna éagsúla: An Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, Ambasáid na hÉireann sa Bheilg agus Cúirt Bhreithiúnais an AE. Chaitheamar am le breithiúna, le dlí–chleachtóirí agus dlítheangeolaithe, le taidhleoirí agus le haistritheoirí. Bhí gach duine ar bhualamar leo eolasach agus fáilteach. 

Turas an–suimiúil ab ea é agus bhíos buíoch as an deis buaileadh leis na daoine atá ag obair san AE leis an nGaeilge. Bhí an turas tábhachtach chun cabhrú linn cinneadh a dhéanamh maidir lenár gcuid gairmeacha beatha sa todhchaí. 

D’fhoghlaimíomar mar gheall ar na buntáistí atá ag baint le bheith ag obair don AE agus ag maireachtaint i Lucsamberg nó sa Bhruiséil. Fuaireamar freagraí sásúla ar aon cheist a bhí againn mar gheall ar chostais mhaireachtála, áiseanna fostaíochta agus cúrsaí lóistín thall. Chomh maith leis sin, bhí áthas orm an seans a bheith agam caidreamh níos cóngaraí a chur chun cinn le mo chuid comhscoláirí.

Bhí sé ar fheabhas feiscint, nuair a chuamar amach go dtí bialanna le haghaidh dinnéir, cé chomh ilchultúrtha agus beo is atá cathair Lucsamburg agus cathair na Bruiséile. Fad is a bhíomar ag taistil idir an dhá tír, fuaireamar radharc álainn ar an tírdhreach faoin tuath thall. 

Tá sé ar fheabhas feiscint cé chomh láidir is atá an caidreamh idir Éire agus an AE agus go bhfuil stiúradh todhchaí an chaidrimh sin i lámha stuama. I mo thuairimse táimid ar fad tar éis filleadh agus tuairim níos soléire againn maidir leis an deis iontach i ndáil le bheith ag obair leis an AE agus na buntáistí atá ag baint leis.

Caitríona Ní Shúilleabháin

Cúrsa Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil 2019–20