Cúrsa Fraincise ar Line

Cúrsa Fraincise ar líne á thairiscint ag Ollscoil Mhá Nuad i bpáirt leis an Centre National d’Enseignement à Distance

De bhrí gurb í an Fhraincis an teanga is mó a úsáidtear sna hinstitiúidí, taobh amuigh den Bhéarla, is ag díriú ar an teanga sin atáimid, agus tá socrú déanta ag Lár–Ionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, leis an Centre National d’Enseignement à Distance sa Fhrainc chun cúrsa Fraincise a chur ar fáil ar líne le cuidiú le hiarrthóirí an leibhéal cuí a bhaint amach sa tríú teanga. Beidh an cúrsa Fraincise ar líne seo ar fáil do mhic léinn an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus d’iarrthóirí eile nach iad, atá ag cur isteach ar chomórtais de chuid EPSO.

  • Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsa Fraincise an CNED.
  • Cliceáil anseo chun do chuid Fraincise a mheas, féachaint cén leibhéal atá agat sa teanga.
  • Cliceáil anseo chun treoir a fháil faoin dóigh le clárú ar an gcúrsa Fraincise ar líne.