News Stories

Members: 05 September 2016

Seimineár do scoileanna lán–Ghaeilge dara leibhéil: 4 Deireadh Fómhair 2016, 14:30–16:30 in Óstaí an Rí

Seimineár do scoileanna lán–Ghaeilge dara leibhéil: 4 Deireadh Fómhair 2016, 14:30–16:30 in Óstaí an Rí

Dé Máirt an 4ú Deireadh Fómhair 2016 idir 2:30pm agus 4:30pm reáchtálfaidh Óstaí an Rí seimineár ar dheiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge. Tá raon leathan post i gceist agus pá agus coinníollacha den scoth ag gabháil leo.

Seimineár ar dheiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge
4 Deireadh Fómhair 2016 in Óstaí an Rí

  • 14:30 Fáiltiú
  • 14:45 Córa de Paor, Coimisiún an Bontais Eorpaigh

“An Saol agus an Saothar thall : Ag obair don Aontas Eorpach”

  • 15:15 Dáithí Mac Cárthaigh BL, Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí

“Cúrsaí agus Comórtais: Conas fostaíocht leis an Aontas Eorpach a bhaint amach”

  • 15:45 An Dr Eimear de Brún, Déan na Scoile Dlí, Óstaí an Rí

“Cara sa Chúirt: Cúrsaí agus Cáilíochtaí Dlí Óstaí an Rí”

  • 16:15 Ceisteanna agus freagraí, Tae agus Caifé

 

Beidh fáilte roimh chách chuig léacht comórtha 1916 Óstaí an Rí 17:00–18:00

‘Oidhreacht an Phiarsaigh’
leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh (OÉG)

faoi Phádraig Mac Piarais, abhcóide, céimí agus ball de chuid Óstaí an Rí.



Toisc deireadh a bheith á chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach idir seo agus 2022 tá oll–earcaíocht le déanamh ag aonaid Ghaeilge Institiúidí an Aontais chun follúntais a líonadh: 103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí agus 42 riaraitheoir san áireamh. Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a bheas na poist seo agus don té ar spéis leis nó léi obair a dhéanamh trí Ghaeilge i dtimpeallacht ilteangach ilchultúrtha idirnáisiúnta, níl a shárú de phost le fáil.

Riaraitheoirí: Tá rátaí maithe pá ar fáil do riaraitheoirí (c.€2,700 glan sa mhí). Teastaíonn an Ardteist (nó a comhaith) mar aon le heolas maith ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. Seo post oiriúnach don té cumasach nach bhfuil fonn coláiste air/uirthi.

Aistritheoirí: Is é c.€4,200 glan sa mhí pá an aistritheora. Is gá bunchéim chuige seo . Ní gá gur céim i dteangacha í. Teastaíonn máistreacht ar an nGaeilge agus eolas maith ar dhá theanga eile den AE, Béarla, Fraincis nó Gearmainis ar ceann acu.

Dlítheangeolaithe: Is é c.€5,500 glan sa mhí pá an dlítheangeolaí. Is gá céim sa dlí nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí chuige seo. Teastaíonn máistreacht ar an nGaeilge agus eolas maith ar dhá theanga eile den AE. Deimhníonn an dlítheangeolaí go bhfuil an téacs aistrithe slán ó thaobh an dlí agus na teanga de.

Maidir le gach ceann acu bíonn buntáistí breise ar fáil maidir hárachas sláinte, pinsean, srl. mar aon le deiseanna cúrsaí breise léinn a dhéanamh taobh istigh d’uaireanta oibre, go háirithe cúrsaí i dteangacha an AE.

Beidh fáilte roimh sheisear nó mhórsheisear mac léinn ó Bhlianta 5 agus 6 freastal ar an seimineár seo i dteannta múinteora. Tá líon na n–áiteanna teoranta agus ba mhór againn scéala uaibh más spéis libh teacht.

Tuilleadh eolais: Daithi.MacCarthaigh@kingsinns.ie