News Stories

Education: 15 July 2019

Ar smaoinigh tú fós ar ghairmréim nua rathúil le dlí trí Ghaeilge ag croí na hEorpa le hArd–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht

Ar smaoinigh tú fós ar ghairmréim nua rathúil le dlí trí Ghaeilge ag croí na hEorpa le hArd–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht

LÉIGH AS BÉARLA / READ IN ENGLISH

Míníonn Jennifer Moore, iarmhac léinn ar an gcúrsa Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil agus dlítheangeolaí le Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht léi ina saol gairmiúil.

Tá os cionn 20 dlítheangeolaí le hardleibhéal scileanna Gaeilge á lorg ag an Aontas Eorpach. Bíonn dlítheangeolaithe, a bhfuil céim sa dlí agus/nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí acu, freagrach as caighdeán na reachtaíochta Eorpaí i dteangacha éagsúla an Aontais. Bíonn aistriúchán ar phléadálacha agus ar bhreithiúnais ar bun ag na dlítheangeolaithe sa Chúirt Bhreithiúnais. Tá na poist seo lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den chéad scoth i gceist. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na rannpháirtithe a ullmhú do phróiseas earcaíochta an AE.

Reáchtáiltear ranganna gramadaí, téarmaíochta agus scileanna aistriúcháin gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm–9pm ag tosú an 7ú Deireadh Fómhair 2019 agus críochnú leis na scrúduithe ceannchúrsa an 4ú agus an 5ú Aibreán 2020. Múintear ranganna ar chórais dlí na hÉireann agus na hEorpa trí Ghaeilge agus seisiúin ar thástáil shíciméadrach & ar phróiseas earcaíochta an AE trí Ghaeilge thar ceithre dheireadh seachtaine.

Mar chuid den chúrsa, beidh turas staidéir ar Institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg 21–23 Deireadh Fómhair 2019 agus eagrofar dinnéar foirmiúil in Óstaí an Rí do na rannpháirtithe i dtreo dheireadh an chúrsa.

Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

“Taitníonn mo chuid oibre go mór liom agus ba mhór an chabhair é cúrsa Ard–Dioplóma Óstaí an Rí san sa Dlítheangeolaíocht agus Aistriúchán Dlíthiúil chun an post seo a bhaint amach. 

Cúrsa den scoth a bhí ann cé go raibh sé measartha dúshlánach. Bhí an t–ábhar a múineadh an–phraiticiúil ar fad agus an–chabhrach don saol oibre. D’fhoghlaim mé an t–uafás agus bhí an caighdeán teagaisc thar barr. Tá ábhar an dioplóma ina chabhair dom go laethúil.”

Jennifer Moore, Dlítheangeolaí Gaeilge le Parlaimint na hEorpa

Tá an dioplóma seo oiriúnach do chéimithe dlí nó do dhaoine a bhfuil cáilíocht ghairmiúil dlí acu ar mian leo fostaíocht a bhaint amach leis an Aontas Eorpach. Ní gá céim sa Ghaeilge ach is gá ardchaighdeán sa Ghaeilge agus fonn cur le do chumas sa teanga. Is gá freisin scileanna ríomhaireachta agus a bheith oscailte don tríú teanga Eorpach a thabhairt leat.

Ní foláir d’iarrthóirí leibhéal cumais sasúil sa Ghaeilge a léiriúi scrúdú iontrála a reáchtálfar in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, Dé Luain an 23 Meán Fómhair 2019, 18:00–18:30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúnt) nó leibhéal níos airde ó 2017 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí.(Gach eolas ag teg.ie). Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais.

Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Dé Luain an 16ú Meán Fómhair 2019. Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil, GLIOGÁIL ANSEO