News Stories

Education: 01 July 2019

Cuir ar do chumas an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge agus cuir le do chuid deiseanna gairme dá réir

Cuir ar do chumas an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge agus cuir le do chuid deiseanna gairme dá réir

Léigh as Béarla / Read in English

Míníonn Ronan Munro SC, iarmhac léinn ar an gcúrsa Ard–Dioplóma Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge agus abhcóide sinsir, mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht leis ina shaol oibre agus gairme.

Is í aidhm an chúrsa seo cleachtóirí dlí a chumasú lena ngairm a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith le léargas ar an ngné seo de chúrsaí dlí a thabhairt do dhaoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge. Cuirtear ainmneacha na gcleachtóirí a n–éiríonn leo ar Chlár na Gaeilge (Óstaí an Rí) de bhun Acht na nDlí–Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008. 

Cuimsítear cúrsaí sibhialta agus coiriúla, dréachtú, abhcóideacht, comhchomhairle agus idirbheartaíocht. Reáchtáiltear bréagchúirteanna agus trialacha bréige mar dhlúthchuid den chúrsa agus tugtar neart deiseanna do na rannpháirtithe am a chaitheamh ar a gcosa chomh maith le cleachtanna sa dréachtú agus sa téarmaíocht. Cuirtear béim ar na ceantair chleachtais ina ndéantar obair trí Ghaeilge.

Múintear gné an dlí den chúrsa tráthnóna Dé Luain (18:00–20:30) ó thús Dheireadh Fómhair go dtí mí an Mhárta. Ina theannta sin, bíonn deis ag rannpháirtithe freastal ar ranganna i gceart–scríobh na Gaeilge tráthnóna Dé Céadaoin (18:00–21:00), scil riachtanach don té a bhíonn ag cleachtadh trína mean.

Cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

“Nasc an tArd–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge mo chuid scileanna abhcóideachta agus mo chuid scileanna teanga agus mhisnigh sé go mór mé le cásanna a dhéanamh sa Chúirt trí Ghaeilge. Is acmhainn fíor–luachmhar iad na fasaigh a chuirtear ar fáil mar chuid d’ábhar an chúrsa.

Ó thaobh na hoibre de, cúpla seachtain tar éis dom an cúrsa a chríochnú fuair mé mionteagasc i gcás coiriúil a reáchtáil mé trí Ghaeilge.”

Ronan Munro SC

Tá an cúrsa seo ar oscailt agus thar a bheith oiriúnach d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith le daoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge.

Ní foláir d’iarrthóirí leibhéal cumais sasúil sa Ghaeilge a léiriú i scrúdú iontrála a reáchtálfar in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, Dé Luain an 23 Meán Fómhair 2019, 18:00–18:30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúnt) nó leibhéal níos airde ó 2017 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí (Gach eolas ag teg.ie). Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais.

Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Dé Luain an 16ú Meán Fómhair 2019. Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge, gliogáil anseo.