News Stories

Education: 04 July 2019

Tabhair faoi ghairmréim nua rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa le hArd–Dioplóma sa Aistriúchán Dlíthiúil ó Óstaí an Rí

Tabhair faoi ghairmréim nua rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa le hArd–Dioplóma sa Aistriúchán Dlíthiúil ó Óstaí an Rí

Léigh as Béarla / Read in English

Míníonn Ian Eglington, iarmhac léinn ar an gcúrsa Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil agus aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil, mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht leis ina shaol oibre agus gairmiúil.

Tá os cionn 60 aistritheoir dlíthiúil (focal scríofa amháin) le hardleibhéal scileanna Gaeilgeá lorg ag an Aontas Eorpach. Tá na poist seo lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den scoth i gceist. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na rannpháirtithe a ullmhú do phróiseas earcaíochta an AE.

Reáchtáiltear rangannagramadaí, téarmaíochtaagus scileanna aistriúcháin gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm–9pm ag tosú an 7ú Deireadh Fómhair 2019 agus críochnú leis na scrúduithe ceannchúrsa an 4ú agus an 5ú Aibreán 2020. Múintear 12 uair a’ chloig de ranganna ar Chórais Dlí na hÉireann agus na hEorpa agus seisiúin ar thástáil shíciméadrach & ar phróiseas earcaíochta an AE thar dhádeireadh seachtaine.

Mar chuid den chúrsa beidh turas staidéir ar Institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg 21–23 Deireadh Fómhair 2019 agus eagrofar dinnéar in Óstaí an Rí do na rannpháirtithe i dtreo dheireadh an chúrsa.

Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

“Tá mé ag obair in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil mar aistritheoir agus tá dúil mhór agam sa phost. Tá mé an–bhuíoch don chúrsa Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil a rinne mé in Óstaí an Rí agus don tacaíocht a fuair mé ó Óstaí an Rí ó shin maidir le mé a choinneáil ar an eolas faoi dheiseanna oibre leis an Aontas Eorpach. 

Bhí atmaisféar deas sna ranganna. Baineadh úsáid as teicnící foghlama idirghníomhacha a chuir go mór leis an chomhluadar idir na mic léinn agus na múinteoirí. D’fhoghlaim mé cuid mhór agus is in Óstaí an Rí a fuair mé na scileanna, an teolas agus an muinín tabhairt faoi obair den tsórt seo.”

Ian Eglington, Aistritheoir Gaeilge leis an gCoimisiún Eorpach

Tá an dioplóma seo oiriúnach do chéimithe ar mian leo fostaíocht a bhaint amach leis an Aontas Eorpach. Ní gá céim sa Ghaeilge ná sa dlí ach is gá ardchaighdeán sa Ghaeilge agus fonn cur le do chumas sa teanga. Is gá freisin scileanna ríomhaireachta agus a bheith oscailte don tríú teanga Eorpach a thabhairt leat.

Ní foláir d’iarrthóirí leibhéal cumais sasúil sa Ghaeilge a léiriúi scrúdú iontrála a reáchtálfar in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, Dé Luain an 23 Meán Fómhair 2019, 18:00–18:30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúnt) nó leibhéal níos airde ó 2017 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí (Gach eolas ag teg.ie). Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais.

Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Dé Luain an 16ú Meán Fómhair 2019. Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil, gliogáil anseo.