News Stories

Events: 15 October 2020

Online Seminar on EU Careers using Irish

Online Seminar on EU Careers using Irish

Gairmeacha le Gaeilge san AE: eolas agus comhairle – Seimineár ar líne de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus Rialtas na hÉireann – 28 Deireadh Fómhair 2020.

Sceideal

9:00–9:25: OSCAILT

9:30–10:40: SEISIÚN 1

Na deiseanna fostaíochta atá ann le haghaidh aistritheoirí – cainteanna ó ionadaithe de chuid institiúidí an Aontais

10:45–11.45: SEISIÚN 2

Na bealaí is féidir le hiarrthóirí iad féin a ullmhú do na próisis roghnúcháin – cainteanna ó ionadaithe de chuid an Ionaid Náisiúnta Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san Aontas Eorpach

11:45– 12:00: SOS

12:00 – 13:15: SEISIÚN 3

Na deiseanna fostaíochta atá ann le haghaidh dlítheangeolaithe, cúntóirí, ateangairí agus profléitheoirí – cainteanna ó ionadaithe de chuid institiúidí an Aontais

13:15–14:30: AM LÓIN

14:30–15:30: CEARDLANN 1

Rogha idir: ceardlann aistriúcháin, ceardlann athbreithniúcháin, ceardlann don ábhar cúntóra agus ceardlann don ábhar dlítheangeolaí

15:30 – 15:45: SOS

15:45–16:45: CEARDLANN 2

Rogha idir: ceardlann aistriúcháin, ceardlann athbreithniúcháin, ceardlann ateangaireachta, ceardlann ar an bprofléitheoireacht

16:45–17:00: PLÉ OSCAILTE/FOCAL SCOIR

Tuilleadh Eolais

Mar chuid d’imeachtaí Oireachtas na Samhna i mbliana beidh seimineár ar líne á eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann faoi na deiseanna do ghairmithe le Gaeilge san Eoraip (aistritheoirí, ateangairí, cúntóirí, dlítheangeolaithe agus eile). 

Chun clárú nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chuig DGT-GA-SEIMINEAR@ec.europa.eu.