News Stories

Education: 09 July 2022

Turas staidéir ar Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Turas staidéir ar Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Mar chuid den chúrsa Ard–Dioplóma sa Teangeolaíocht Dhlíthiúil agus san Aistriúchán Dlíthiúil in Óstaí an Rí, eagraíodh cuairt ar Institiúidí an AE chun léargas a thabhairt do mhic léinn ar an bpróiseas earcaíochta agus ar na deiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí Gaeilge agus do chéimithe dlí.

Scríobhann Felim Ó ​​Maolmhána, mac léinn ar an gcúrsa Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil 2022, faoina thaithí.

An 4ú Aibreán, d’eitlíomar chuig an mBruiséil agus thugamar cuairt ar Bhuanionadaíocht na hÉireann sa chathair. Labhair Michael Williams linn maidir le feidhm na hoifige sin agus na deiseanna fostaíochta thall. Bhí sé úsáideach freisin eolas a fháil maidir leis an saol sa Bhruiséil – go háirithe agus cuid againn sáinnithe ag íoc cíosa i mBaile Átha Cliath – is glas iad na cnoic i bhfad uainn. 

Bhogamar ar aghaidh ansin agus bhí seisiún againn le dlítheangeolaithe Pharlaimint na hEorpa tráthnóna tar éis lón sa chathair. Rinne dlítheangeolaithe Gaeilge na Parlaiminte cur i láthair iontach ar a cuid oibre mar chuid den phróis reachtach agus bhí deis againn ceisteanna a chur maidir leis an obair ó lá go lá. 

As go brach linn ansin go Lucsamburg agus is in Óstan Hilton a d’fhanamar (is i bhfad uaidh sin a tógadh cuid againn!). Bhí atmaisféar iontach ann agus an grúpa ar saoire ceannchúrsa, scrúduithe curtha dínn againn agus sinn ag spalpadh linn – tréith shuntasach ag gaeilgeoirí sílim!

An chéad lá eile, bhí turas eagraithe chuig Cúirt Bhreithiúnais an AE. Tugadh turas fhoirgneamh na Cúirte dúinn leis an Abhcóide Ginearálta, Anthony Collins. Foirgneamh breá is ea é agus is cinnte go raibh gach duine lán–ábalta íomhá a chruthú de féin nó di féin ag siúl ar fud an ionaid agus muid fostaithe ann! Bhí cás tábhachtach i leith na Catalóine ar siúl an lá sin agus bhí an Chúirt an–ghnóthach. Bhí an deis againn an seomra cúirte is mó san áit a fheiceáil nuair a glacadh sos sa chás sin.

Ar aghaidh linn ansin le lón a bheith againn i dteannta an Uasail Collins mar aon leis an mBreitheamh Eugene Regan den Chúirt Bhreithiúnais agus an Breitheamh Suzanne Kingston den Chúirt Ghinearálta. Arís, deis iontach a bhí anseo le comhrá a bheith againn maidir leis an ról atá acu agus bhí siad beirt breá sásta an grúpa a spreagadh le cur isteach ar phoist leis an gCúirt. 

I ndiaidh an lóin, bhí cur i láthair againn ó Dara Brophy, dlítheangeolaí le Gaeilge sa Chúirt agus ba dheis thábhachtach í seo arís le ceisteanna a chur maidir leis an bpost féin. Bhíomar in ann comhairle phraiticiúil a fháil i dtaobh leibhéal na Fraincise atá de dhíth agus faoin bpróiséas earcaíochta. 

Labhair an Breitheamh Colm Mac Eochaidh agus an Breitheamh Suzanne Kingston linn ansin. Labhraíomar maidir leis na deiseanna fostaíochta atá anois ann agus deireadh tagtha leis an maolú i leith na Gaeilge. D’aithin na breithiúna an tábhacht a bhaineann leis seo ar son fhorbairt na Gaeilge chomh maith – an nóta ceart buailte don lucht éisteachta acu! D’fhilleamar ar an mBruiséil an tráthnóna sin.

Bhí deireadh leis an turas go hoifigiúil agus chaitheamar an chéad lá eile mar thurasóirí. Níl dabht ar bith ann ach gur bhain gach duine taitneamh agus tairbhe as an turas – é iontach a bheith in ann bualadh le do chomhscoláirí lasmuigh de Zoom! Buntáiste leis an gcúrsa seo ó Óstaí an Rí ná go bhfuil sé ar intinn ag na scoláirí díriú ar ghairm beatha san AE agus ullmhaíonn an cúrsa seo éinne a bhfuil sé ar intinn acu obair sna hInsititiúidí – ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh na hearcaíochta de freisin.

Míle buíochas le Dáithí Mac Cárthaigh agus Dr. Eimear Brown as an turas a eagrú. Le cúnamh Dé, is gairid go mbeidh mé féin agus mo chairde nua ag lonnú i gcroílár na hEorpa mar dhlítheangeolaithe agus aistritheoirí sa todhchaí!

Felim Ó Maolmhána, Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil 2022

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil, GLIOGÁIL ANSEO.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil, GLIOGÁIL ANSEO.