News Stories

Events: 16 January 2023

Díospóireacht Gael Linn

Díospóireacht Gael Linn

GA: Bonn an Phiarsaigh – Gael Linn 2023

Déardaoin an 16 Feabhra 2023 idir 17h30 agus 18h00 i Seomra Coiteann na Sóisear i bPríomhfhoirgneamh Óstaí an Rí, reáchtálfar Comórtas Díospóireachta Gaeilge Óstaí an Rí agus bronnfar Bonn an Phiarsaigh, urraithe ag Gael–Linn, ar an mbuaiteoir.

Is do dhaoine aonair an comórtas taispeántais seo agus é ar oscailt do mhic léinn uile Óstaí an Rí. Beidh triúr ag glacadh páirt ann agus labhróidh gach duine acu ar feadh 5–7 nóiméad. 

  • Is é an rún: ‘Is fearr an t–aighneas ná an t–uaigneas.‘ 
  • Rachaidh acmhainn an ghrinn go mór chun socair na n–iomaitheoirí. 

Más spéis leat a bheith páirteach sa chomórtas cuir ríomhphost chuig daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie roimh 18h00 Dé hAoine an 10 Feabhra 2023. 

Leanfaidh Dinnéar na Gaeilge an Díospóireacht i Halla Mór Óstaí an Rí agus tá gach eolas ar fáil ag kingsinns.ie/dining/February1623

Bígí ann – Bainigí sult as.

EN: Pearse Medal – Gael Linn 2023

Thursday 16 February 2023 between 5.30 pm and 6 pm in the Junior Common Room in King’s Inns’ Main Building, our Irish language debating competition will be held and the winner will be awarded the Pearse Medal sponsored by Gael Linn. 

This demonstration competition debate is for individual competitors and is open to all King’s Inns’ students. There will be three participants on the day and each will speak for 5–7 minutes. 

  • The motion is: ‘Conflict is better than lonelyness.
  • A sense of humour will serve contestants well.

Those who wish to compete should contact daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie before 6 pm Friday, February 10, 2023.

The Irish language Dining will follow the debate. If you would like to attend, book here.

All welcome!