News Stories

Education: 07 September 2023

Ar mhaith leat gairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa le hArd–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil?

Ar mhaith leat gairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa le hArd–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil?

Míníonn Ian Eglington, céimí den chúrsa Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil agus aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil, mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht leis ina shaol gairmiúil.

Tá aistritheoirí le hardleibhéal scileanna Gaeilge á lorg ag an Aontas Eorpach faoi láthair. Tá na poist seo lonnaithe sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus i gContae na Mí. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den chéad scoth i gceist. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na rannpháirtithe a ullmhú don phróiseas earcaíochta.

Reáchtáiltear ranganna gramadaí, téarmaíochta agus scileanna aistriúcháin gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm–9pm ag tosú an 2ú Deireadh Fómhair 2023 agus ag críochnú leis na scrúduithe ceannchúrsa an 17ú agus an 19ú Aibreán 2024. Múintear ranganna ar chórais dlí na hÉireann agus na hEorpa trí Ghaeilge agus seisiúin ar thástáil shíciméadrach agus ar phróiseas earcaíochta an AE trí Ghaeilge mar chuid den chúrsa thar ceithre dheireadh seachtaine.

Eagrófar dinnéar foirmiúil in Óstaí an Rí do na rannpháirtithe i mí Feabhra agus beidh turas staidéir ar Institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg tar éis na scrúduithe ceannchúrsa.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

“Tá mé ag obair leis an Choimisiúin Eorpach sa Bhruiséil mar aistritheoir agus tá dúil mhór agam sa phost. Tá mé an–bhuíoch don chúrsa Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil a rinne mé in Óstaí an Rí agus don tacaíocht a fuair mé ó Óstaí an Rí ó shin le mé a choinneáil ar an eolas faoi dheiseanna oibre leis an Aontas Eorpach. Bhí atmaisféar deas sna ranganna. Baineadh úsáid as teicnící foghlama idirghníomhacha a chuir go mór leis an chomhluadar idir na mic léinn agus na múinteoirí. D’fhoghlaim mé cuid mhór agus is in Óstaí an Rí a fuair mé na scileanna, an t–eolas agus an muinín tabhairt faoi obair den tsórt seo.” Ian Eglington, aistritheoir GAEILGE LE is an gcoimisiún eorpach.

 Ní gá céim sa dlí na céim sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa ach is gá d’iarrthóirí cumas sa Ghaeilge a léiriú go sásúil i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne Dé Luain an 18 Meán Fómhair 2023 18h00–18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúint) nó leibhéal níos airde ó 2021 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí. Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais. Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Déardaoin an 14 Meán Fómhair 2023.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil, GLIOGÁIL ANSEO!

Faoi Óstaí an Rí

Tá Óstaí an Rí lonnaithe idir Sráid Henrietta agus Cnoc an Bhunreachta i mBaile Átha Cliath 1 agus is foras oideachais neamhspleách é a bhfuil clú agus cáil air as oiliúint ghairmiúil sa dlí den scoth a sholáthar. Is ann atá an scoil dlí is sine in Éirinn agus is ionad suntasach stairiúil é.

Chomh maith le hoideachas a chur ar abhcóidí faoi oiliúint, tairgíonn an Scoil Dlí cúrsaí páirtaimseartha inrochtana i sainréimsí dlí don pobal i gcoitinne idir dhaoine a bhfuil cúlra dlí acu agus daoine nach bhfuil.

Bíonn na cúrsaí á dteagasc ag cleachtóirí dlí saineolacha agus faightear i measc na mac léinn ceannairí agus ceannródaithe, nuálaithe agus lucht inspioráide. Tá an Scoil Dlí ag tús cadhnaíochta ó thaobh cúrsa dlí a mhúineadh trí Ghaeilge.