News Stories

Job Vacancies/Opportunities : 17 May 2024

Comórtas 2024–25 d’Intéirneachtaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh arna mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Comórtas 2024–25 d’Intéirneachtaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh arna mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Painéal a bhunú

Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúcháin oibre a dhéanamh in institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Coiste na Réigiún, Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar oiread agus seisear san iomlán ar feadh tréimhse 9 mí dar tús mí Dheireadh Fómhair 2024.

N.B. Ní bheidh síneadh ama ar fáil do na socrúcháin oibre seo.

Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil don intéirneacht seo.

Láthair

Beidh na hintéirnigh seo lonnaithe in oifigí éagsúla na n–institiúidí ar Mhór–Roinn na hEorpa. 

Critéir cháilitheachta

Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais ó chéimithe:

●        a bhfuil cáilíocht ag leibhéal 8 ar a laghad acu (riachtanach) nó atá ar tí cáilíocht dá leithéid sin a bhaint amach sula dtosaí tréimhse na hintéirneachta

●        a bhfuil sár–chaighdeán Gaeilge acu (riachtanach)

●        a bhfuil taithí oibre shásúil mar aistritheoir nó mar phrofléitheoir acu (inmhianaithe)

●        a bhfuil eolas maith ar bhogearra aistriúcháin ríomhchuidithe acu (inmhianaithe)

●        a bhfuil cáilíocht iarchéime ollscoile i staidéar an aistriúcháin acu (inmhianaithe)

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Is é Dé hAoine an 31 Bealtaine ar 12 meán lae an spriocdháta faoina gcaithfear an fhoirm iarratais thíos a líonadh. Cloífear go beacht leis an spriocdháta sin.

Tá Foirm Iarratais le fáil anseo

Nó scanadh an cód QR

qr code