Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil / Advanced Diploma in Lawyer–Linguistics and Legal Translation

Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil / Advanced Diploma in Legal Translation

Page last updated: Friday, October 6, 2023

Poist do dhlítheangeolaithe GA/EN le Cúirt Bhreithiúnais an AE >

Eolas Riachtanach >

AIDHMEANNA AN CHÚRSA / PROGRAMME AIMS

GA: Is teanga oifigiúil den Aontas Eorpach í an Ghaeilge agus bíonn institiúidí an AE ag earcú dlítheangeolaithe agus aistritheoirí dlíthiúla le hardleibhéal scileanna Gaeilge. Tá na poist seo ar fáil i bParlaimint na hEorpa, sa Choimisiún Eorpach, sa Chomhairle agus sa Chúirt Bhreithiúnais agus iad lonnaithe sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus i gContae na Mí. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den scoth i gceist.

Is ag aistriú reachtaíochta agus cáipéisí oifigiúla eile a bhíonn na haistritheoirí. Deimhníonn na dlítheangeolaithe, a bhfuil céim sa dlí agus/nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí acu, go bhfuil na leaganacha éagsúla teanga den reachtaíocht den éifeacht chéanna ar fud an Aontais. Bíonn aistriúchán ar phléadálacha agus ar bhreithiúnais ar bun ag na dlítheangeolaithe sa Chúirt Bhreithiúnais freisin.

Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí seo na rannpháirtithe a ullmhú do scrúduithe earcaíochta an AE ach ar ndóigh ní féidir le hÓstaí an Rí aon ráthaíocht a thabhairt go n–éireoidh leis na rannpháirtithe poist a bhaint amach leis an AE tar éis dóibh an cúrsa a chríochnú.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán tacaíocht airgeadais ar fáil don dá chúrsa seo.

EN: Irish is an official language of the European Union and EU institutions are recruiting lawyer–linguists and legal translators with high competence in Irish. These positions are available in the European Parliament, Commission, Council, and Court of Justice, located in Brussels, Luxembourg and County Meath. Pay and conditions in such positions are excellent.

Translators translate legislation and other official documents. Lawyer–linguists, who have law degrees and/or professional legal qualifications, ensure that the various language versions of legislation are of the same effect throughout the Union. Lawyer–linguists also translate pleadings and judgments in the Court of Justice.

The aim of these courses is to prepare students for the EU’s recruitment process and examinations, however King’s Inns cannot guarantee that participants will secure employment with the EU on completion of the course.

The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media provides monetary support for these courses.

CÉ IS CEART FREASTAL AR AN gCÚRSA / WHO SHOULD ATTEND

GA: Tá an dá dhioplóma oiriúnach do chéimithe ar mian leo fostaíocht a bhaint amach leis an Aontas Eorpach. Ní gá céim sa Ghaeilge ach is gá ardchaighdeán sa Ghaeilge agus fonn cur le do chumas sa teanga. Is gá freisin scileanna ríomhaireachta agus a bheith oscailte don tríú teanga Eorpach a thabhairt leat.

Maidir leis an gcúrsa do dhlí–theangeolaithe, teastaíonn céim sa dlí a fhianaíonn staidéar ollscoile de thrí bliana ar a laghad, nó a choibhéis, nó a bheith cáilithe mar abhcóide nó aturnae. Ní foláir fianaise maidir leis an gcáilíocht dlí a léiriú chun sástacht Óstaí an Rí le trascríbhinn torthaí.

Teastaíonn bunchéim leibhéal 8 ar a laghad agus caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa. Ní foláir d’iarrthóirí an leibhéal seo cumais a léiriú go sásúil i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne Dé Luain an 25 Meán Fómhair 2023 18h00–18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúint) nó leibhéal níos airde ó 2021 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí. Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais.

Scrúdú Iontrála Samplach >

EN: Both diplomas are suitable for graduates who wish to secure employment with the European Union. A degree in Irish is not necessary but a high standard of Irish is required as well as the desire to improve one’s command of the language. Computer skills are also necessary as is an openness to acquiring a third European language.

Regarding the lawyer–linguist course, a law degree evidencing at least three years university study, or equivalent, is necessary, or a qualification as a barrister or a solicitor. One must produce evidence of such legal qualifications to the satisfaction of King’s Inns by means of a transcript of results.

A level 8 degree at least is required as well as a good standard of spoken and written Irish. Applicants must demonstrate this level of ability in an entrance exam online Monday 25 September 2023 18h00–18h30. If you achieved TEG B2 (full credit) or higher in or since 2021, it will suffice to produce evidence of this to King’s Inns rather than sitting the entrance exam. The limited number of places on the course is awarded on merit.

Sample Entrance Examination >

LUCHT TEAGAISC / TEACHING STAFF

GA: Gné na Teanga:

  • Orla Ryan BL
  • Helen Hegarty
  • Anne Marie Giblin BL
  • Dáithí Mac Cárthaigh BL
  • Úna Ní Chatháin BL
  • Patricia Nic Eoin
  • Clíona Ní Chatháin

Gné an Dlí:

(a) Dlítheangeolaithe:

  • Dáithí Mac Cárthaigh BL – Córas Dlí Sibhialta na Mór–Roinne (Cód Napoleon)
  • Orla Ryan BL – Stair agus Institiúidí an Aontais Eorpaigh; Próis Reachtach an Aontais Eorpaigh; Dlí–eolaíocht; agus Cleachtas & Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais

(b) Aistritheoirí Dlíthiúla:

  • Dáithí Mac Cárthaigh BL – Córais Dlí

EN: Linguistic Content:

  • Orla Ryan BL
  • Helen Hegarty
  • Anne Marie Giblin BL
  • Dáithí Mac Cárthaigh BL
  • Úna Ní Chatháin BL
  • Patricia Nic Eoin
  • Clíona Ní Chatháin

Legal Content:

(a) Lawyer–linguists:

  • Dáithí Mac Cárthaigh BL – Continental Civil Law System (Napoleonic Code)
  • Orla Ryan BL – Jurisprudence; Practice & Procedure of the Court of Justice of the European Union.
  • Anne Marie Giblin BL – History and Institutions of the European Union; Legislative Process of the European Union.

(b) Legal Translators:

  • Dáithí Mac Cárthaigh BL – Legal Systems

CLÁR AN ÁBHAIR / COURSE CONTENT

GA: Múinfear an cúrsa seo uile ar líne. Múinfear gné na teanga (gramadach na Gaeilge, téarmaíocht agus scileanna aistriúcháin) den dá chúrsa don dá rang mac léinn in éineacht: 40 tráthnóna (120 uair a’ choig teagaisc).

Maidir le gné an dlí den chúrsa dlítheangeolaíochta, múinfear 30 uair a’ chloig bhreise de ranganna ar na hábhair dlí seo a leanas i rith an chúrsa:–

  1. Stair agus Institiúidí an Aontais Eorpaigh;
  2. Próis Reachtach an Aontais Eorpaigh;
  3. Córas Dlí Sibhialta na Mór–Roinne (Cód Napoleon)
  4. Cleachtas agus Nós Imeachta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
  5. Dlí–eolaíocht.

Múinfear 12 uair a’ chloig bhreise de ranganna ar an ábhar “Córais Dlí” don dá rang mac léinn in éineacht. Ina theannta sin, gheobhaidh gach mac léinn dhá sheisiún (= 6 uair a’ chloig) ar áiseanna ar líne agus dhá sheisiún eile (= 6 uair a’ chloig) ar thástáil shíciméadrach & earcaíocht don Aontas Eorpach.

EN: This course is delivered totally on line. The linguistic content (Irish grammar, terminology, and translation skills) for both courses is taught to a combined class of all students on both courses: 40 evenings (120 teaching hours).

Regarding the law content of the lawyer–linguist course, 30 extra teaching hours are delivered in the following subjects during the course:–

  1. History and Institutions of the European Union;
  2. Legislative Process of the European Union;
  3. Continental Civil Law System (Napoleonic Code);
  4. Practice and Procedure of the Court of Justice of the European Union;
  5. Jurisprudence.

12 extra teaching hours are delivered in the subject “Legal Systems” to students on both courses. All students will receive two sessions (= 6 hours) on on–line resources and two other sessions (= 6 hours) on psychometric testing and the recruitment process of the European Union.

MÚINEADH AN CHÚRSA / COURSE DELIVERY 

GA: Reáchtáiltear na ranganna gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm–9pm ag tosú an 2ú Deireadh Fómhair 2023 agus ag críochnú leis na scrúduithe ceannchúrsa an 17ú agus an 19ú Aibreán 2024.

Mar chuid den chúrsa beidh, an 22–24 Aibreán 2024, turas staidéir ar institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg agus dinnéar foirmiúil in Óstaí an Rí do na rannpháirtithe an 15ú Feabhra 2024. Múinfear an t–ábhar dlí agus na seisiúin ar thástáil shíciméadrach & earcaíocht don Aontas Eorpach ag an deireadh seachtaine.

Dáta Tosaigh an Chúrsa: Dé Luain, an 2 Deireadh Fómhair 2023 ag 18h00.

EN: Classes are delivered Monday and Wednesday evenings during the academic year 6pm–9pm beginning 2 October 2023 up to the end of course examinations on the 17 and 19 April 2024. 

As part of the course there will be, on the 22 – 24 April 2024, a study visit to EU institutions in Brussels and Luxembourg and a dining night in King’s Inns for participants on the 15 February 2024. The legal content and the sessions on psychometric testing and the recruitment process of the European Union will be delivered at weekends.

Course Start Date: Monday, 2 October 2023 at 18h00.

MEASÚNÚ / ASSESSMENT

GA: Gné na Teanga

  • 20% – Scrúdú ag deireadh an chéad téarma: Scrúdú 3 uair a’ chloig (Scileanna Aistriúcháin)
  • 20% – Measúnú leanúnach (Tabharfar na trí thoradh is fearr as cúig cinn san áireamh don mharc deiridh)
  • 60% – An Scrúdú Ceannchúrsa: Scrúdú 3 uair a’ chloig (Scileanna Aistriúcháin)

Ní foláir do gach mac léinn cumas Gaeilge ag leibhéal C1 TEG, ar a laghad, a léiriú d’Óstaí an Rí sara mbronnfar an tArd–Dioplóma air/uirthi. Reáchtálfar na scrúduithe cuí i rith na bliana acadúla. Is leor a léiriú go bhfuil pas faighte agat sa scrúdú C1 TEG ó 2021 i leith.

Gné an Dlí

  • Scrúdófar gné an dlí den chúrsa dlítheangeolaíochta le ceisteanna aiste (3 uair a’ chloig).
  • Scrúdófar gné an dlí den chúrsa san aistriúchán dlíthiúil le ceisteanna aiste (2 uair a’ chloig).

EN: Linguistic Content

  • 20% – End of First Term Exam: 3 hour examination (Translation skills)
  • 20% – Continuous Assessment (The three best results of the five assessments for the final mark.)
  • 60% – The End of Course Exam: 3 hour examination (Translation skills)

Every student must demonstrate an ability in Irish at level C1 TEG to King’s Inns before being awarded the Advanced–Diploma. The appropriate exams will be sat during the academic year. It will suffice to show that one passed the C1 TEG examinations in or since 2021.

Law Content

  • The law content of the lawyer–linguist course will is examined by essay type questions (3 hours).
  • The law content of the legal translator course will is examined by essay type questions (2 hours).

TÁILLÍ / FEES

GA: Táillí an chúrsa dhlítheangeolaíochta: €2,425 iníoctha faoin 25 Meán Fómhair 2023.

Táillí an chúrsa san aistriúchán dlíthiúil: €1,975 iníoctha faoin 25 Meán Fómhair 2023.

Tá an dara gála táillí (c.€250*) le híoc go díreach le hOllscoil Mhá Nuad as an TEG C1 a shuí.
* taille 2022.

Déantar an íocaíocht tríd ár gcóras íocaíochta slán ar–líne. Gliogáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais.

EN: Fee for the lawyer–linguist course: €2,425 payable by 25 September 2023.

Fee for the legal translation course: €1,975 payable by 25 September 2023.

A second moiety of fees (c.€250*) is payable to Maynooth University for sitting the TEG C1 exam.
* 2022 fee.

Payments are processed through our secure online payment system. Click here for more information.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH? / HOW DO I APPLY?

GA: Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil ar an gcúrsa agus is minic a bhíonn ró–éileamh air. Tá córas roghnúcháin againn agus ní foláir duit cáipéisí áirithe a chur ar fáil mar thaca le d’iarratas.

  • Riachtanach – Cóip scanáilte de do chéim nó fótachóip dheimhnithe de thrascríbhinn do chéime.
  • Roghnach – Cóip scanáilte de do theastas TEG B2 (nó níos airde) 
  • Is féidir cáipéisí a chur ar fáil sna formáidí seo a leanas: pdf, png, gif, jpg, jpeg. Is é 20MB uasmhéad ceadaithe gach cáipéise.

Spriocdháta d’iarratais don scrúdú iontrála: Domhnach an 24 Meán Fómhair 2023 

Chun do chuid sonraí pearsanta a dheimhniú, ní foláir duit cuntas a chruthú ar an Táirseach Iarratais ar dtús trí bhrú ar an gcnaipe ‘Cláraigh agus déan iarratas anseo’ thíos. Seolfar thú chuig an táirseach, áit a mbeidh ort cuntas a chlárú le seoladh ríomhphoist agus pasfhocal. Agus do sheoladh ríomhphoist deimhnithe agat ar an Táirseach, féadfaidh tú dul ar aghaidh le d’iarratas. Ar dtús beidh ort do chuid sonraí pearsanta a chur isteach chun críche an chuntais. Ina dhiaidh sin, treorófar thú chun foirm iarratais an chúrsa a líonadh amach.

Ní chuirfear in iúl duit go bhfuil áit ar an gcúrsa seo agat go dtí go ndéantar measúnú ar do chuid cáipéisí agus, sa chás nach bhfuil Teastas TEG B2 nó níos airde agat, go dtí go n–éiríonn leat sa scrúdú iontrála Gaeilge ar líne. Gheobhaidh tú ríomhphost maidir leis an scrúdú sin. Má ghlactar leat, ní choimeádfar áit duit ar an gcúrsa go dtí go bhfaightear an íocaíocht iomlán i leith an chúrsa.

Féadfar íocaíocht a dhéanamh tríd an Táirseach Iarratais le cárta creidmheasa nó cárta dochair. Ginfear admháil íocaíochta go huathoibríoch ag deimhniú go bhfuil áit agat ar an gcúrsa.

Má tá d’fhostóir ag íoc as táille do chúrsa, beidh gá agat le uimhir PO agus ainm agus seoladh ríomhphoist an té atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh san eagraíocht. Eiseofar sonrasc díreach chuig an té a gcuireann tú a chuid sonraí ar fáil. Freisin, beidh tú in ann cóip den sonrasc a íoslódáil tríd an Táirseach Iarratais.

Cláraigh agus déan iarratas anseo >

EN: Places on this course are limited, and it is often over–subscribed. We have selection criteria in place and you are required to submit certain documentation in support of your application.

  • Mandatory – A scanned copy of your degree transcript or notarised photocopy of your degree transcript. 
  • Optional – A scanned copy of your TEG B2 (or higher) certificate. 
  • Documents may be submitted in the following formats: pdf, png, gif, jpg, jpeg. The maximum allowed size for each document is 20MB. 

Application Deadline: Sunday, September 24, 2023

In order to verify your personal details, you must first create an account on the Application Portal through the ‘register and apply here’ button below. You will be redirected to the portal where you need to register an account with an email and password. Once you verify your email address in the Portal, you can then proceed with your application. You will firstly need to enter your personal details for the purposes of the account. Following from that, you will be guided to complete the course application form. 

Acceptance on this course will not be notified until your documents have been assessed and, if you do not hold a TEG B2 certificate or higher, until you have passed the Irish language on–line entrance exam. You will receive an email in relation to this exam. If you are accepted, your place on the course will not be secured until payment is received in full. 

Payment can be made through the Application Portal using your credit or debit card. An automated payment receipt will be generated confirming your place on the course. 

If your employer is paying for your studies, you will require a PO number and the name and email address for the person responsible for payment in your organisation. The invoice will issue directly to the person whose details you enter. You will also be able to download a copy of the invoice through the Application Portal.

Applications closed

LE FÓGRA A FHÁIL FAOI EOLAS NUA / RECEIVE NOTIFICATION WHEN MORE INFORMATION IS AVAILABLE

TEISTIMÉIREACHTAÍ Ó IAR–MHIC LÉINN / TESTIMONIALS FROM PAST STUDENTS 

Enya Murphy

“Thaitin cúrsa ard–dioplóma Óstaí an Rí san Aistriúchán Dlíthiúil go mór liom. Chuir sé go mór le mo chuid scileanna teanga agus aistriúcháin. A bhuí leis an méid a d’fhoghlaim mé lena linn, bhí deis agam tréimsí oiliúna a dhéanamh i bParlaimint na hEorpa agus sa Choimisiún Eorpach. Bítear ag plé leis an teanga agus leis an aistriúchán ar ndóigh, ach cuirtear ar an eolas thú faoi dheiseanna sna hInstitiúidí den AE freisin, rud atá ina chuidiú post a fháil i ndiaidh an chúrsa. Tá post faighte agam mar chúntóir sa gCoimisiún agus beidh mé ag tnúth leis an gcéad chomórtas eile do na haistritheoirí. Mholainn d’éinne a bhfuil spéis acu i ngairm an aistriucháin an cúrsa seo a dhéanamh.”

Enya Murphy, an Coimisiún Eorpach

Ian Eglington

“Tá mé ag obair in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil mar aistritheoir agus tá dúil mhór agam sa phost. Tá mé an–bhuíoch don chúrsa Ard–Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil a rinne mé in Óstaí an Rí agus don tacaíocht a fuair mé ó Óstaí an Rí ó shin maidir le mé a choinneáil ar an eolas faoi dheiseanna oibre leis an Aontas Eorpach. Bhí atmaisféar deas sna ranganna. Baineadh úsáid as teicnící foghlama idirghníomhacha a chuir go mór leis an chomhluadar idir na mic léinn agus na múinteoirí. D’fhoghlaim mé cuid mhór agus is in Óstaí an Rí a fuair mé na scileanna, an t–eolas agus an muinín tabhairt faoi obair den tsórt seo.”

Ian Eglington, Aistritheoir Gaeilge leis an gCoimisiún Eorpach