Ard–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge Advanced Diploma in Legal Practice through Irish

Page last updated: Friday, October 6, 2023

Cúrsa cuimsitheach sa Dlí agus sa Ghaeilge d’abhcóidí agus d’aturnaetha agus do dhaoine gairmiúla a oibríonn leis an dlí agus leis an nGaeilge.

Scoláireacht an Phiarsaigh

GA: A bhuí leis an tacaíocht leanúnach a fhaighimid ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, tá ar chumas Óstaí an Rí Scoláireacht an Phiarsaigh a bhronnadh ar abhcóide amháin sa chéad bhliain chleachtais sa Leabharlann Dlí gach bliain, scoláireacht a ghlanfaidh táillí an chúrsa Ard–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge dó nó di.

Ainmnítear Scoláireacht an Phiarsaigh, as céimí Óstaí an Rí, an t–abhcóide, múinteoir agus oideachasóir, scríbhneoir, file, scoláire agus Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn Éirí Amach 1916, Pádraig Mac Piarais, fear a throid dhá chás cearta Gaeilge sa tsean–Ard–Chúirt faoi réimeas Shasana mar abhcóide.

Bronnfar Scoláireacht an Phiarsaigh ar an té sa chéad bhliain chleachtais sa Leabharlann Dlí is fearr a chruthaíonn sa scrúdú iontrála don cúrsa ard–dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge.

EN: Thanks to the ongoing support of the Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, King’s Inns is able to confer Scoláireacht an Phiarsaigh (The Pearse Scholarship) on one barrister in their first year of practice in the Law Library each year, which scholarship will cover the costs of the Advanced–Diploma in Legal Practice through Irish course.

Scoláireacht an Phiarsaigh is named for the King’s Inns’ alumnus, barrister, teacher and educationalist, writer, poet, scholar and President of the Provisional Government during the Easter Rising 1916, PH Pearse, who fought two Irish language rights cases in the old High Court under British rule as a barrister.

Scoláireacht an Phiarsaigh will be awarded to the person in their first year of practice in the Law Library who achieves the highest mark in the entrance exam for the Advanced–Diploma in Legal Practice through Irish course.

AIDHMEANNA AN CHÚRSA / PROGRAMME AIMS

GA: Is í aidhm an chúrsa cleachtóirí dlí a chumasú lena ngairm a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith le léargas ar an ngné seo de chúrsaí dlí a thabhairt do dhaoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge. Cuirtear ainmneacha na gcleachtóirí a n–éiríonn leo ar Chlár na Gaeilge (Óstaí an Rí) de bhun Acht na nDlí–Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008.

Tá an cúrsa seo ar oscailt agus thar a bheith oiriúnach d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith le daoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

EN: The aim of the course is to enable legal practitioners to practice their profession through Irish as well as giving an insight into this area of law to professionals working with the Law and the Irish language. The names of successful practitioners are added to the King’s Inns’ Irish language Register Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) pursuant to the Legal Practitioners (Irish Language) Act 2008.

This course is open to and most suitable for barristers and solicitors who are fluent in Irish as well as professionals working with the Law and the Irish language.

The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media provides monetary support for this course.

CÉ IS CEART FREASTAL AR AN gCÚRSA / WHO SHOULD ATTEND

GA: Tá an cúrsa seo ar oscailt agus thar a bheith oiriúnach d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith le daoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge.

Ní foláir d’iarrthóirí leibhéal cumais sásúil sa Ghaeilge a léiriú i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne, Dé Luain an 25 Meán Fómhair 2023, 18h00–18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúint) nó leibhéal níos airde ó 2021 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí (Gach eolas ag teg.ie). Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais.

Scrúdú Iontrála Samplach >

EN: This course is open to and most suitable for barristers and solicitors who are fluent in Irish as well as professionals working with the Law and the Irish language.

Candidate must show a satisfactory level of ability in Irish in an entrance exam which shall be conducted online, Monday 25 September 2023, 18h00–18h30. If you achieved TEG B2 (full credit) or higher in or since 2021, it will suffice to produce evidence of this to King’s Inns rather than sitting the entrance exam. (All information at teg.ie). The limited number of places on the course is awarded on merit.

Sample Entrance Examination >

LUCHT TEAGAISC / TEACHING STAFF

  • Dáithí Mac Cárthaigh BL (Dlí agus Gaeilge)
  • Orla Ryan BL (Dlí agus Gaeilge)
  • Anne Marie Giblin BL (Dlí & Gaeilge)
  • Aoife McNickle BL (Dlí)
  • Helen Hegarty (Gaeilge)
  • Patricia Nic Eoin (Gaeilge)
  • Clíona Ní Chatháin (Gaeilge)

SE CONTENT

GA: Cuimsítear cúrsaí sibhialta agus coiriúla, dréachtú, abhcóideacht, comhchomhairle agus idirbheartaíocht. Reáchtáiltear bréagchúirteanna agus trialacha bréige mar dhlúthchuid den chúrsa agus tugtar neart deiseanna do na rannpháirtithe am a chaitheamh ar a gcosa chomh maith le cleachtaí sa dréachtú agus sa téarmaíocht. Cuirtear béim ar na ceantair chleachtais ina ndéantar obair trí Ghaeilge.

Múintear gné an dlí den chúrsa ar líne tráthnóna Dé Luain (18:00–20:30) ó thús Dheireadh Fómhair go dtí mí an Mhárta. Ina theannta sin, bíonn deis ag rannpháirtithe freastal ar ranganna i gceart–scríobh na Gaeilge ar líne tráthnóna Dé Céadaoin (18:00–21:00), scil riachtanach don té a bhíonn ag cleachtadh trína meán.

EN: Both civil and criminal aspects of practice are taught, as are drafting, advocacy, consultation and negotiation. Moot courts and mock trial form an integral part of the course and participants are afforded ample opportunity to get on their feet as well as exercises in drafting and terminology. An emphasis is placed on those areas of practice where work is done through Irish.

The law aspect of the course is taught online Monday evenings (18:00–20:30) from the beginning of October to March. Participants also have the opportunity to attend online classes in correct written Irish Wednesday evenings (18:00–21:00), an essential skill for those practicing through the language.

MEASÚNÚ / ASSESSMENT

GA:

  • 20%+20%: Measúnú Leanúnach (dá aiste taighde le tabhairt abhaile)
  • 20%: Triail Bhréige
  • 40%: Scrúduithe ceannchúrsa (dréachtú agus abhcóideacht)

EN:

  • 20%+20%: Continuous Assessment (two take home research essays)
  • 20%: Mock Trial
  • 40%: End of Course examinations (drafting and advocacy)

TÁILLÍ / FEES 

GA: €800 iníoctha. Déantar an íocaíocht tríd ár gcóras íocaíochta slán ar–líne.

Tá an dara gála táillí (c.€250*) le híoc go díreach le hOllscoil Mhá Nuad as an TEG C1 a shuí. * taille 2022.

Gliogáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais.

EN: €800 payable. Payments are processed through our secure online payment system.

A second moiety of fees (c.€250*) is payable to Maynooth University for sitting the TEG C1 exam. * 2022 fee.

Click here for more information.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH? / HOW DO I APPLY?

GA: Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil ar an gcúrsa agus is minic a bhíonn ró–éileamh air. Tá córas roghnúcháin againn agus ní foláir duit cáipéisí áirithe a chur ar fáil mar thaca le d’iarratas.

  • Riachtanach – Cóip scanáilte de do chéim nó fótachóip dheimhnithe de thrascríbhinn do chéime.
  • Roghnach – Cóip scanáilte de do theastas TEG B2 (nó níos airde) 
  • Is féidir cáipéisí a chur ar fáil sna formáidí seo a leanas: pdf, png, gif, jpg, jpeg. Is é 20MB uasmhéad ceadaithe gach cáipéise.

Spriocdháta d’iarratais don scrúdú iontrála: Déardaoin an 14 Meán Fómhair 2023

Chun do chuid sonraí pearsanta a dheimhniú, ní foláir duit cuntas a chruthú ar an Táirseach Iarratais ar dtús trí bhrú ‘ar an gcnaipe’ Cláraigh agus déan iarratas anseo’ thíos. Seolfar thú chuig an táirseach, áit a mbeidh ort cuntas a chlárú le seoladh ríomhphoist agus pasfhocal. Agus do sheoladh ríomhphoist deimhnithe agat ar an Táirseach, féadfaidh tú dul ar aghaidh le d’iarratas. Ar dtús beidh ort do chuid sonraí pearsanta a chur isteach chun críche an chuntais. Ina dhiaidh sin, treorófar thú chun foirm iarratais an chúrsa a líonadh amach.

Ní chuirfear in iúl duit go bhfuil áit ar an gcúrsa seo agat go dtí go ndéantar measúnú ar do chuid cáipéisí agus, sa chás nach bhfuil Teastas TEG B2 nó níos airde agat, go dtí go n–éiríonn leat sa scrúdú iontrála Gaeilge ar líne. Gheobhaidh tú ríomhphost maidir leis an scrúdú sin. Má ghlactar leat, ní choimeádfar áit duit ar an gcúrsa go dtí go bhfaightear an íocaíocht iomlán i leith an chúrsa.

Féadfar íocaíocht a dhéanamh tríd an Táirseach Iarratais le cárta creidmheasa nó cárta dochair. Ginfear admháil íocaíochta go huathoibríoch ag deimhniú go bhfuil áit agat ar an gcúrsa.

Má tá d’fhostóir ag íoc as táille do chúrsa, beidh gá agat le uimhir PO agus ainm agus seoladh ríomhphoist an té atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh san eagraíocht. Eiseofar sonrasc díreach chuig an té a gcuireann tú a chuid sonraí ar fáil. Freisin, beidh tú in ann cóip den sonrasc a íoslódáil tríd an Táirseach Iarratais.

Cláraigh agus déan iarratas anseo >

EN: Places on this course are limited, and it is often over–subscribed. We have selection criteria in place and you are required to submit certain documentation in support of your application.

  • Mandatory – A scanned copy of your degree transcript or notarised photocopy of your degree transcript. 
  • Optional – A scanned copy of your TEG B2 (or higher) certificate. 
  • Documents may be submitted in the following formats: pdf, png, gif, jpg, jpeg. The maximum allowed size for each document is 20MB. 

Application Deadline: Thursday, September 21, 2023

In order to verify your personal details, you must first create an account on the Application Portal through the ‘register and apply here’ button below. You will be redirected to the portal where you need to register an account with an email and password. Once you verify your email address in the Portal, you can then proceed with your application. You will firstly need to enter your personal details for the purposes of the account. Following from that, you will be guided to complete the course application form. 

Acceptance on this course will not be notified until your documents have been assessed and, if you do not hold a TEG B2 certificate or higher, until you have passed the Irish language on–line entrance exam. You will receive an email in relation to this exam. If you are accepted, your place on the course will not be secured until payment is received in full. 

Payment can be made through the Application Portal using your credit or debit card. An automated payment receipt will be generated confirming your place on the course. 

If your employer is paying for your studies, you will require a PO number and the name and email address for the person responsible for payment in your organisation. The invoice will issue directly to the person whose details you enter. You will also be able to download a copy of the invoice through the Application Portal.

Applications closed

TUILLEADH EOLAIS / FURTHER INFORMATION

Clár an Ábhair >

LE FÓGRA A FHÁIL FAOI EOLAS NUA / RECEIVE NOTIFICATION WHEN MORE INFORMATION IS AVAILABLE 

TEISTIMÉIREACHTAÍ Ó IAR–MHIC LÉINN / TESTIMONIALS FROM PAST STUDENTS 

Michael Flanigan, Aturnae

“Bhí an cúrsa iontach spéisiúil, tairfeach agus praiticúil. Ba dheas eolas a chur ar na téarmaí dlí as Gaeilge agus cur lenár gcuid scileanna gairmiúla ó thaobh na Gaeilge de. Is iad na trialacha bréige is mó a thaithin liom mar aturnae a ní cuid mhór dlíthíochta. Ar bhonn pearsanta, tá mé ag súil go mór leis na scileanna a d’fhoghlaim mé a chur chun leasa mo chuid cliant de réir mar a éiríonn linn tuilleadh cearta teanga a bhain amach don Ghaeilge ó thuaidh.”

Ronan Munro SC

“Nasc an tArd–Dioplóma sa Dlí–Chleachtadh trí Ghaeilge mo chuid scileanna abhcóideachta agus mo chuid scileanna teanga agus mhisnigh sé go mór mé le cásanna a dhéanamh sa Chúirt trí Ghaeilge. Is acmhainn fíor–luachmhar iad na fasaigh a chuirtear ar fáil mar chuid d’ábhar an chúrsa. Go deimhin cúpla seachtain tar éis dom an cúrsa a chríochnú fuair mé mionteagasc i gcás coiriúil a raibh an díotáil as Gaeilge ann.”